Jump to content

Jonathan Swift

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJonathan Swift

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith30 Samhain 1667
Baile Átha Cliath (Ríoghacht Éireann)
Bás19 Deireadh Fómhair 1745
77 bliana d'aois
Baile Átha Cliath (Ríoghacht Éireann)
Áit adhlacthaArdeaglais Naomh Phádraig Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAnglacánachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Coláiste Hertford, Oxford
Choláiste Cill Chainnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilDochtúir Diadhachta
Áit chónaitheWhitehaven
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir aistí, scríbhneoir ficsean eolaíochta, iriseoir tuairime, scríbhneoir próis, scríbhneoir litríocht pháistí, pearsa phoiblí, scríbhneoir, paimfléadaí, úrscéalaí, sagart Anglacánach, aorthóir, gníomhaí ar son chearta an duine, fealsamh, sagart Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 17ú aois
Tréimhse oibre1700 –
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí na dTóraithe Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraAoir, aiste, pritcha (en) Aistrigh agus aoir phoileimiciúil
Ainm cleiteIsaac Bickerstaff
M. B. Drapier
Lemuel Gulliver
Simon Wagstaff Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
PáirtíEsther Vanhomrigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJonathan Swift  agus Abigail Erick
SiblínJane Swift
Croineolaíocht
breith iarbháis Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

IMDB: nm0842605 Allocine: 134239 Allmovie: p315176
iTunes: 275915584 Musicbrainz: 9ab4a3b4-3206-4c12-ac6b-50d64ca98119 Songkick: 449719 Discogs: 700425 IMSLP: Category:Swift,_Jonathan Find a Grave: 1944 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir agus duine daonnachtúil Angla-Éireannach ab ea Jonathan Swift (30 Samhain 166719 Deireadh Fómhair 1745), a scríobh aoir, aistí, paimfléid polaitiúla (do na Fuigeanna ar dtús, agus ansin do na Tóraithe) agus filíocht.[1]

Ba shagart Anglacánach a athair.

Tar éis a bhreithe i mBaile Átha Cliath i 1667, tógadh Swift idir Éire agus Sasana.[2] Agus in aois sé bliain dó, d’fhreastail sé ar choláiste Chill Cheannaigh agus níos déanaí ar Choláiste na Tríonóide. Bhí Swift múnlaithe ag imeachtaí a óige agus ag a thógáil, mar a bhímid go léir, agus léirigh sé láidreachtaí agus castacht na féiniúlachta Angla-Éireannaí go hiomlán.[3]

Bhí sé mar rúnaí pearsanta do William Temple i Sasana ó 1688-1692l. Bhain sé máistreacht amach in Oxford (1694) agus fuair sé post mar shagart de chuid Eaglais na hÉireann i gCo. Aontroma. Ní raibh sé sásta fanacht ann áfach, agus sar i bhfad d’fhill sé ar Temple go dtí uair a bháis sa bhliain 1699.[2]

Níor fhan Swift i Sasana ró-fhada théis bás Temple; bhí naimhde á chothu aige lena scríbhneoireacht polaitíochta. Chuir sé faoi i mBaile Átha Troim, Co. na Mí, ach bheadh sé sall is anall ón Mhí go Sasana go rialta.

San am seo d’fhoilsigh sé The Tale of a Tub agus The Battle of the Books. D’éirigh a scríbhneoireacht níos polaitiúla le linn an tréimhse seo, agus ba mhór a cháin sé na Fuigeanna. Bhí sé ag súil go mbeadh ceapachán eaglaise aige i Shasana, ach ní raibh an Banríon Áine ró-cheannúil air. Sa bhliain 1713, ceapadh Swift ina Dhéan ar Ardeaglais Naomh Pádraig, i mBaile Átha Cliath. Fuair a chairde an post dó ach ach bhí díomá ar Swift ag an am.

Chas a chuid scríbhneoireacht i dtaobh cúis na hÉireann, Proposal for Universal Use of Irish Manufacture agus Drapier’s Letters, rud nach raibh an rialtas róshásta faoi. Cuireadh i leith go raibh cuid dá fhoilseacháin cealgach, ach anois bhí cuma mar 'tírghráthóir' na hÉireann air.

Thart ar an am seo, thosaigh sé ag scríobh a mhór-shaothar Camchuairt Gulliver, a foilsíodh i 1726.

Tháinig néaltrú ar Swift agus d'éag 19 Deireadh Fómhair 1745 i mBaile Átha Cliath.

 Ar an 19 Meán Fómhair 1757, d’oscail an t-ospidéal síciatrach, Ospidéal Naomh Pádraig, le tiomnacht ó Jonathan Swift.

Gaeilge agus cúrsaí in Éirinn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Jonathan Swift a cheap go ndéanfadh díothú na Gaeilge níos sibhialta ‘the most barbarous’ againn.[4][5]

Bhí gorta sa tír i 1729, fágaim, an bhliain inar fhoilsigh Swift ‘A Modest Proposal’, leabhar inar mhol sé cinedhíothú ar Éireannaigh bhochta. “He uses satire to put forward his own views....He put into words what everyone else was thinking.[6]” Ní tírghráthóir a bhí ann, ach fear a bhí glan in aghaidh shaíocht agus theanga na nGael.[7]A barbarous culture,” a thug sé air. “He castigated the Irish poor, describing them as beggars, thieves and wife beaters in his sermons ...[7] Ach ag an am céanna, thiomnaigh sé an mhaoin lenar bunaíodh Ospidéal Naomh Pádraig i ndiaidh a bháis.

Jonathan Swift, le Thomas Pooley, 1682

Bhí an Dochtúir Patrick Delany, cara le Jonathan Swift, ar dhuine de na daoine a raibh aithne ag an file, Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin, orthu. Is mar gheall air sin a leagtar an t-amhrán An Breathnach ar Chearbhallán, a bhaineann le hiníon Swift, a phós ‘an Máistir Walsh’.[8]

Swift le Rupert Barber, 1745, National Portrait Gallery, Londain

Cuimhnítear Swift mar an duine a scríobh na leabhair iomráiteacha seo a leanas:

  • Gulliver's Travels,
  • A Modest Proposal,
  • A Journal to Stella,
  • Drapier's Letters,
  • The Battle of the Books,
  • An Argument Against Abolishing Christianity agus
  • A Tale of a Tub.
feartlaoi, Ardeaglais Naomh Pádraig, i mBaile Átha Cliath

"Is iontach an rud é ... go bhféadfadh duine a tháinig chun suntais trí chéad bliain ó shin draíocht fós a imirt ar dhaoine agus go mbeadh moladh ag daoine dó i gcónaí. Is léiriú é sin ní amháin ar a tháirgeadh liteartha, ar litríocht í a bhí substainteach agus a raibh tionchar aici chomh maith; ach thairis sin, is léiriú é ar an rómánsaíocht, ar an leochaileacht agus ar na conthrarthachtaí a bhí san fhear é féin, ina shaol pearsanta, lena n-áirítear tomhas an chaidreamh a bhí aige le Stella agus Vanessa."[9]

Aicmítear Swift mar dhuine de na aorthóirí próis ba mhó i stair an Bhéarla, agus suas chun dáta i gcónaí. Mar shampla, sa leabhar Gulliver’s Travels, cuireann rí na Houyhnhnm ceist ar an gcuairteoir ait mar gheall ar a thír dhúchais. Cé atá i gceannas ann? Déanann Gulliver cur síos ar Phríomh-Aire na Breataine agus a thréithe.[10][11]

Níl an clú céanna air mar fhile. Sa chéad áit, d'fhoilsigh Swift gach rud dá chuid scríbhneoireachta faoi ainmneacha cleite, ar nós Lemuel Gulliver, Isaac Bickerstaff, M.B. Drapier, agus uaireanta eile gan ainm ar bith.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Swift, Jonathan | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2022-10-19.
  2. 2.0 2.1 Litríocht. "Jonathan Swift" (ga-IE). Dáta rochtana: 2022-10-19.
  3. Office of the President of Ireland. "Media Library | Speeches | President of Ireland" (en). president.ie. Dáta rochtana: 2022-10-19.
  4. Máire Ní Fhinneadha (6 Lúnasa 2019). "Dia idir sinn agus aisling dhiostóipeach na Gaeilge éigeantaí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-19.
  5. Dhearbhaigh sé sna 1720’dí : ‘It would be a noble achievement to abolish the Irish language so far at least as to oblige all the natives to speak only English on every occasion of business in shops, markets, fairs and other places of dealing.’
  6. Mervyn Bragg ar BBC Radio 4 (28 Eanáir 2009)
  7. 7.0 7.1 Tony Birtill (Nollaig 2009). "Glórtha an Drochshaoil." (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-10-19.
  8. Kevin Hickey (27 Nollaig 2018). "Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin: ‘Ollamh na dTéad’ agus cumadóir ‘a sháraigh an chruinne le céim’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-19.
  9. Office of the President of Ireland. "Media Library | Speeches | President of Ireland" (en). president.ie. Dáta rochtana: 2022-10-19.
  10. “I told him, that a first or chief minister of state, who was the person I intended to describe, was the creature wholly exempt from joy and grief, love and hatred, pity and anger; at least, makes use of no other passions,…that he applies his words to all uses, except to the indication of his mind; that he never tells a truth but with an intent that you should take it for a lie; nor a lie, but with a design that you should take it for a truth…”
  11. John-Paul McCarthy (14 Iúil 2016). "Má tá plean ag Theresa May i dtaobh Brexit, níl sí ag ligean uirthi féin…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-10-19.